Ludwig van Beethoven, Portrait by Joseph Karl Stieler, 1820

About Ode to Joy / Maidir le Laoi don Áthas

BEETHOVEN’S  “ODE TO JOY”

Ludwig van Beethoven (Bonn 1770 – Vienna 1827)

Beethoven was one of the greatest musicians of all time. Born in Germany, he spent his adult life in Vienna, Austria, where he became famous as a pianist and composer.  He was a meticulous worker, frequently revising and rewriting his music until he was really satisfied with it and only then releasing it for performance. Some of his music took years to develop. He was a most unfortunate person, however,  because he suffered from increasing deafness and by the time he wrote his last Symphony, No. 9, he was totally deaf and could hear none of the marvellous music he was creating. 

The Ninth Symphony takes over an hour to perform and is the first to have a choral final movement. For this, Beethoven chose to set  the “Ode to Joy” by the German poet Friedrich Schiller (1759 – 1805), giving the poem long-lasting fame it would never otherwise have achieved. Beethoven obviously had been thinking about this novel idea as his melody turns up in a couple of earlier works. Beethoven’s Ninth Symphony was first performed on May 7th, 1824, to a packed house in a leading Viennese theatre, the Kärntnertor; even Franz Schubert was present, as was the Austrian Chancellor, Prince von Metternich.  Beethoven attempted to conduct but, being unable to hear a note, he soon lost his way and another conductor, who was standing by, undertook the actual direction of the performance, which was an immense success. Its triumph was soon repeated  across Europe and continues to this day.

In 1972 the Council of Europe decided to create an Anthem for Europe taking Beethoven’s melody as its source. Later, in 1985, the European Union adopted the melody as its Anthem, too. The famous conductor Herbert von Karajan was commissioned to provide three non-vocal settings: for piano, for wind instruments and for symphony orchestra; he also conducted the official recording. Music is a universal language so the Ode can be enjoyed by all European countries. However, no words were officially adopted for the Anthem, as so many languages would be involved, but it is normal practice to use Schiller’s poem or a translation of it, depending on the country and language involved on each occasion.   

© Ian Fox 2023


“LAOI DON ÁTHAS” le BEETHOVEN

Ludwig van Beethoven (Bonn 1770 – Vín 1827)

Bhí Beethoven ar cheann de na ceoltóirí ab fhearr dá linne. Rugadh é sa Ghearmáin, agus chaith sé a shaoil i Vín na hOstaire, áit ar tháinig clú agus cáil air mar phianódóir agus mar chumadóir.  Oibrí díograiseach ab ea é, agus ba mhinic é ag athbhreithniú agus ag athscríobh a chuid ceoil, agus ní chuirfeadh sé amach go poiblí é go dtí go raibh sé iomlán sásta leis. Thóg sé na blianta air cuid dá amhráin a fhorbairt. Duine mí-ámharach a bhí ann, áfach, agus d’fhulaing sé ó fhadhbanna éisteachta, agus faoin am a scríobh sé a Shiansa deireanach, Uimh. 9, bhí sé iomlán bodhar agus ní raibh sé in ann an ceol álainn a bhí á chumadh aige a chloisteáil.

Tógann sé níos mó ná uair an chloig an Naoú Siansa a sheinm, agus ba é an chéad shiansa a raibh gluaiseacht dheireanach chórúil aige. Chuige sin, roghnaigh Beethoven an dán “Laoi don Áthas” leis an bhfile Gearmánach Friedrich Schiller (1759 – 1805), rud a thug clú fadtéarmach don dán nach mbeadh bainte amach aige murach sin. Ba léir go raibh Beethoven ag cuimhneamh ar an smaoineamh nuálach sin cheana, toisc go bhfuil an tséis chéanna le feiceáil i gcúpla amhrán eile dá chuidse. Cuireadh Naoú Siansa Beethoven i láthair den chéad uair ar an 7 Bealtaine 1824, i dteach plódaithe in amharclann cáiliúil i Vín, an Kärntnertor; bhí Franz Schubert i láthair, mar aon le Seansailéir na hOstaire, an Prionsa von Metternich.  Rinne Beethoven iarracht an taispeántas a stiúradh, ach chaill sé a bhealach roimh i bhfad toisc nach raibh sé in ann oiread agus nóta amháin a chloisteáil, agus sheas stiúrthóir eile, a bhí ar fuireachas, isteach chun an taispeántas a stiúradh, agus d’éirigh thar cionn leis. Rinneadh aithris ar an taispeántas éachtach sin arís agus arís eile fud fad na hEorpa, agus leanann sé go fóill inniu.

In 1972, chinn Comhairle na hEorpa Amhrán a chruthú don Eoraip agus thóg siad séis Beethoven mar inspioráid. Ina dhiaidh sin, in 1985, ghlac an tAontas Eorpach leis an amhrán mar a Amhrán freisin. Coimisiúnaíodh an stiúrthóir cáiliúil Herbert von Karajan chun trí chóiriú neamhghutha a chruthú: ceann le haghaidh an phianó, ceann le haghaidh gaothuirlisí agus ceann le haghaidh ceolfhoireann shiansach; mar aon leis sin, rinne sé an taifeadadh oifigiúil a stiúradh. Teanga choiteann is ea an ceol, mar sin is féidir le gach tír Eorpach taitneamh a bhaint as an Laoi. Níl aon liricí oifigiúla ag an Amhrán, áfach, toisc go mbeadh líon mór teangacha i gceist, ach de ghnáth úsáidtear dán Schiller nó aistriúchán air, ag brath ar cén tír agus cén teanga atá i gceist.  

© Ian Fox 2023

German text

Freude, schöner Götterfunken,

Tochter aus Elysium,

Wir betreten feuertrunken,

Himmlische, dein Heiligtum!

Deine Zauber binden wieder

Was die Mode streng geteilt;

Alle Menschen werden Brüder

Wo dein sanfter Flügel weilt.

 

Irish text

Áthas, loinnir geal na bFlaitheas,

Iníon ó Elysium,

Rachaimid id thearmann diaga

Dallta ag do thine gheal.

Tarraingíonn do dhraíocht le chéile

Sin a scaradh fadó fadó,

Aontaithe a bheimid uile

Istigh faoi scáth do sciatháin shéimh.

 

English text

Joy, radiant spark of heaven,

Daughter of Elysium,

Into your domain we enter

Dazzled by your flame divine.

And your magic binds us closer

Who of old divided were,

We will be as one united

Sheltered by your wing so fair. 

 

Ukrainian text

Радосте, іскро божиста,

Небесна дитино,

Входим разом, променисті,

У твою святиню!

Злучить знов твоє завзяття,

Що розділене було;

Ми, всі люди, будем браття,

Де війне твоє крило.

 

Texts by / Téacsanna le

German / Gearmáinis: Friedrich Schiller

Irish  / Gaeilge: Department of Foreign Affairs / An Roinn Gnóthaí Eachtracha

English / Béarla: Department of Foreign Affairs / An Roinn Gnóthaí Eachtracha

Ukrainian / Úcráinis: Yurko Prokhasko